Tom O'Donnell
Polaiteoir ab ea Tom O'Donnell, as Cill Mocheallóg i gcontae Luimnigh (30 Lúnasa 1926 - 8 Deireadh Fómhair 2020).[1] Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.
Bhí O’Donnell ina aire Gaeltachta idir 1973-1977, le linn chomhrialtas Liam Cosgrave.[2] Bhí Tom O’Donnell ar dhuine de na hairí Gaeltachta ba mhó cáil agus stádas sa chéad seo caite. Cé nach raibh an teist ar an gcomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a raibh sé mar bhall de go raibh leas na teanga mar thosaíocht acu, bhí meas ar O’Donnell féin sa Ghaeltacht.[3]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]30 bliain a thug Tom O’Donnell sa saol poiblí. Toghadh chun na Dála den chéad uair i 1961 agus d’éirigh sé as i 1989. Toghadh chun parlaimint na hEorpa é i 1979 agus arís i 1984.
Aire Gaeltachta
Le linn a thréimhse mar aire, bhain sé líofacht amach sa Ghaeilge agus rinne sé cúram oifigiúil a roinne go léir trí Ghaeilge. Leag sé béim mhór ar fhostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht. An creideamh mór a bhí aige mar aire ná nach mairfeadh an Ghaeltacht ná an teanga gan na daoine agus nach mbeadh aon daoine fágtha sa Ghaeltacht mura gcuirfí fostaíocht ar fáil dóibh. Le linn na tréimhse, tháinig feabhas mór ar an infreastruchtúr sa Ghaeltacht.
Ar scor
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba dhuine é d’fhathaigh Fhine Gael i Luimneach. Nuair a d’éirigh sé as an bpolaitíocht ag deireadh na n-ochtóidí lean sé air ag obair go deonach ar son an phobail.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Kieran O’Donnell. Nia le Tom O’Donnell is ea Kieran O’Donnell..[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “O’DONNELL, Tom (1926–2020) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-04.
- ↑ Tuairisc (22 Nollaig 2022). "‘Bronntanas na Nollag gan choinne’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta ag súil le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-22.
- ↑ "TOM O’DONNELL 1926-2020: An t-iar-aire Gaeltachta as Luimneach ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-10-09). Dáta rochtana: 2024-11-24.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (22 Samhain 2024). "Fianna Fáil sa tóir ar an dara suíochán i gcontae an Chláir, na Glasaigh faoi bhrú i gcathair Luimnigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-24.
- Básanna in 2020
- Polaiteoirí na hÉireann
- Daoine a rugadh i 1926
- Daoine as Contae Luimnigh
- Baill den 17ú Dáil
- Baill den 18ú Dáil
- Baill den 19ú Dáil
- Baill den 20ú Dáil
- Baill den 21ú Dáil
- Baill den 22ú Dáil
- Baill den 23ú Dáil
- Baill den 24ú Dáil
- Baill Fhine Gael
- Airí Rialtais na hÉireann
- Cathair Luimnigh (Dáilcheantar)