Strasbourg
Strasbourg | |||||
---|---|---|---|---|---|
Strasbourg (fr) Strosbùri (gsw) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na Fraince | An Fhrainc mheitreapholaiteach | ||||
Réigiún na Fraince | Alsace-Champagne-Ardenne-Lorraine | ||||
Département de chuid na Fraince | Bas-Rhin | ||||
Príomhchathair de | Arrondissement Strasbourg Unterelsaß (en) Eurometropolis of Strasbourg (en) Alsace–Lorraine (en) Alsace-Champagne-Ardenne-Lorraine zone de défense et de sécurité Est (fr) Bas-Rhin An Alsáis an tAontas Eorpach cantún Strasbourg-3 (2015–) cantún Strasbourg-2 (2015–) cantún Strasbourg-6 (2015–) cantún Strasbourg-4 (2015–) cantún Strasbourg-5 (2015–) cantún Strasbourg-1 (2015–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 291,313 (2021) | ||||
• Dlús | 3,722.37 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | aire d'attraction de Strasbourg (partie française) (fr) unité urbaine de Strasbourg (fr) | ||||
Achar dromchla | 78.26 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Réin, Canal du Faux-Rempart, Ill, Marne–Rhine Canal (en) , Aar (en) agus Canal de la Bruche (en) | ||||
Airde | 150 m-132 m-151 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Argentoratum (en) | ||||
Cruthú | 12 "RCh" | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Éarlamh | Arbogast | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Strasbourg | Jeanne Barseghian (2020–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 67000, 67100 agus 67200 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 388, 390 agus 368 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | strasbourg.eu | ||||
Is cathair sa réigiún Alsás na Fhraince é Strasbourg (An Alsáisis: Stossburi; Gearmáinis: Straßburg).
Is cathair measartha beag í Strasbourg, go háirithe i gcomparáid le cathracha eile na Fraince, agus tá thart fá trí chéad míle duine ina gcónaí ann (bhí 272,975 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2008.).[1]
Tá Strasbourg suite díreach ar theorainn na Gearmáine agus tá tionchar na Gearmáine le feiceáil san ailtireacht, sa bhia agus ar an mionteanga réigiúnach Alsáisis.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Alsáis mar chuid den Ghearmáin go dtí deireadh an Chéad Chogadh Domhanda nuair a ghlac an Fhrainc seilbh ar an cheantar arís de thairbhe Chonradh Versailles.
Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cultúr na nAlsásach faoi bhláth go háirithe faoin tuath ach bíonn Alsáisis le feiceáil in Strasbourg fosta is í scríofa ar na comharthaí i lár na cathrach.[1]
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cathair thar a bheith cultúrtha íStrabourg. Is iomaí deireadh seachtaine a bhíonn ceoltóirí amuigh ag buscáil leo, rud a chuireann go mór le hatmaisféar na háite.
Nollaig
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar an leasainm ‘Capitale de Noël’ ar Strasbourg agus tá muintir na cathrach iontach bródúil as an ainm seo. Bíonn Strasbourg dubh le turasóirí um Nollaig gach bliain mar gheall ar mhargadh na Nollag agus bíonn achan sráid maisithe. Díoltar bia speisialta na háite mar shampla ‘le vin chaud’ (scailtín fíona), brioscaí traidisiúnta ‘Mannele’ agus ‘Les Marrons Chauds’ (cnó capaill rósta).
Polaitíocht na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Parlaimint na hEorpa, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus Comhairle na hEorpa uilig ann agus tagann na céadta polaiteoirí, ateangairí agus iriseoirí chuig an chathair ar feadh seachtaine gach mí.
Nithe is díol spéise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Strasbourg í féin galánta; téigh ag spaisteoireacht timpeall ar sheansráideanna na cathrach, go háirithe i gceantar beag traidisiúnta darb ainm ‘Petite France’.
Tá ardeaglais i gcroílár na cathrach agus neart caiféanna agus bialann sa chearnóg timpeall uirthi chun suí ann agus blaiseadh beag de shaol na cathrach a fháil.
Tá pálás ann inar chaith Marie Antoinette agus Napoléon beirt seal, iarsmalanna maidir le cultúr agus stair an cheantair agus tá go leor dánlann ann fosta.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Eimear de Brún (Meitheamh 2019). "Bhuel! / UCC". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-31. Dáta rochtana: 2022-08-15.