Crios astaróideach
Crios astaróideach | |
---|---|
Cineál | diosca timpeallréaltach, astronomical object in the Solar System (en) agus ring system (en) |
Réad tuismitheora | an Ghrian |
Réad linbh | |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Cuid de | Grianchóras laistigh |
Réigiún sa ghrianchóras is ea an crios astaróideach agus é suite idir fithis Mharsa agus fithis Iúpatair. Is é Ceiréas (trastomhas 950km) an ceann is mó sa chóras gréine. Is píosaí carraige, miotail agus oighir iad na hastaróidigh.
Tháinig an crios astaróideach as an réaltnéal a bhí ag timpeallú na gréine fadó. Murach go raibh Iúpatar chomh cóngarach agus atá, thiocfadh an conamar cloiche seo go léir le chéile le haon phláinéad amháin a chruthú. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, níor cheadaigh imtharraingt láidir Iúpatair dóibh socrú síos le chéile, ó chuir sí tuilleadh fuinnimh leis an dóigh a raibh na réada beaga seo ag imbhualadh faoi chéile.
An chuid is mó de mhais an phríomhchreasa astaróidigh, tá sé sna hastaróidigh mhóra. Tá an trí cinn is mó acu (2 Palas, 3 Iúnó agus 4 Veiste) níos mó ná 400 ciliméadar ar meán-trastomhas.
An t-aon réad amháin sa chrios astaróideach a aicmítear inniu mar abhacphláinéad, is é sin, Ceiréas, tá sí 950 ciliméadar ar trastomhas.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]athraigh An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
Is síol a bhaineann leis astaróideach é an t-alt seo Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |