Jump to content

Bashar al-Assad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBashar al-Assad

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ar) بشار الأسد Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Meán Fómhair 1965
59 bliana d'aois
An Damaisc, An tSiria Cuir in eagar ar Wikidata
19 Uachtarán na Siria
17 Iúil 2000 – 8 Nollaig 2024 (removal from office (en) Aistrigh, dismissed (en) Aistrigh)
← Abdul Halim Khaddam Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaBa'athism (en) Aistrigh
ReiligiúnAlabhaítigh
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Damaisce - míochaine (1982–1988)
Homs Military Academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePresidential Palace, Damascus (en) Aistrigh
Moscó
Teanga dhúchaisan Araibis
Dath súileGorm
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht agus military administration (en) Aistrigh
Gairmstátaire Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1988 –  2024
FostóirWestern Eye Hospital (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaArab Socialist Ba'ath Party – Syria Region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Araibis, Béarla agus an Fhraincis
Gairm mhíleata
GéillsineBa'athist Syria (en) Aistrigh agus an tSiria
Brainse míleataFórsaí Armtha na Siria, Syrian Arab Army (en) Aistrigh agus Republican Guard (en) Aistrigh
Céim mhíleatamarascal Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas arFórsaí Armtha na Siria
CoinbhleachtCogadh cathartha na Siria
Teaghlach
TeaghlachAssad family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAsma al-Assad (2000–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHafez Bashar al-Assad, Zain al-Assad, Kareem al-Assad Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHafez al-Assad  agus Anisa Makhlouf
SiblínBassel al-Assad, Maher al-Assad, Majd al-Asad agus Bushra al-Assad
Duine muintearthaAli Sulayman al-Assad (seanathair)
Anwar Hilal al-Assad (paternal cousin (en) Aistrigh)
Rifaat al-Assad (uncail athartha)
Jamil al-Assad (uncail athartha)
Na'isa Shalish (seanmháthair)
Rami Makhlouf (maternal cousin (en) Aistrigh)
Mohammed Makhlouf (en) Aistrigh (deartháir máthar)
Assef Shawkat (fear céile a d(h)eirféar) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
8 Nollaig 2024fall of the Assad regime (en) Aistrigh
Páipéir Phanama Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm1519747 TMDB.org: 2376663 Goodreads character: 55926 Cuir in eagar ar Wikidata

Iar-Uachtarán na Siria is ea Bashar al-Assad (Araibis: بشار الأسد‎, Bašār al-Asad), agus Rúnaí an Pháirtí Baath (a rugadh ar an 11 Meán Fómhair 1965). Deachtóir marfach ba ea é, a bhí i gceannas ar an Siria ó 2000 go dtí 2024.

Is de bhunadh an phobail Alabhaí muintir Assad a bhí i gceannas sa tSiria ó 1971. Mac leis an Iar-Uachtarán Hafez al-Assad, deachtóir tíoránta chomh maith, is ea Bashar al-Assad. Mionlach is ea an pobal Alabhaí sa tSiria – tuairim is 10% den daonra – a raibh cumhacht díréireach acu ar an tír go dtí gur cloíodh Assad in 2024.[1]

Muintir Assad sna 1980idí; ní raibh mórán de chuid an tsaoil acu roimh na 1960idí
Assad agus a bhean, Asma in 2003
Cuairt Ebrahim Raisi (Iaráin) chuig Bashar al-Assad, 2023

Oftailmeolaí is ea Bashar al-Assad. Bhain sí cáilíocht amach mar dhochtúir sa Damaisc sna 1980idí. Rinneadh sé staidéar sa Western Eye Hospital, Londain, le linn 1992-1994.

Bhí Bashar al-Assad ina uachtarán ó 2000 nuair a bhásaigh a athair Hafez.[2] Choimeád sé smacht ar an tSiria leis an lámh láidir ar feadh 24 bliain.

Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011. Chuir Assad na hagóidí faoi chois gan taise. Mharaigh fórsaí Assad 306,000 sibhialtach ar a laghad i gcogadh cathartha Shiria (fuair b'fhéidir os cionn leathmhilliún duine bás).[3]

Fógraíodh go raibh an cogadh thart nuair a chuir Léig na nArabach fáilte roimh Assad i mí na Bealtaine 2023.[4] Nó sin a cheap an Léig agus Assad.

Thacaigh an Rúis agus Iaráin le réimeas Assad thar na blianta. Ach ní raibh an oiread cumhachta acu agus a bhíodh i mí na Samhna 2024. Mar sin bhí ar Assad déanamh as dó féin. Ach thit an tóin as an réimeas faoi cheann cúpla lá mar chaisleán cártaí. Thosaigh ceannaircigh in oirthear agus i dtuaisceart na Siria ag gluaiseacht chun cinn ag deireadh mí na Samhna,. Chuir sé iontas ar gach dream nach mór a éasca a bhí sé acu seilbh a ghabháil ar bhailte móra agus iad ar a mbealach siar.[1]

Ghabh na reibiliúnaigh[5] seilbh ar an bpríomhchathair, an Damaisc, gan mórán stró , i mí na Nollag 2024. Theith al-Assad an tír ar an 7 nó 8 Nollaig. Fuair Assad agus a theaghlach tearmann sa Rúis.[1]

Dúirt Ard-Choimisinéir Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, Volker Türk, in 2024 gur cheart aon duine sa tSiria a rinne ainghníomhartha faoi réimeas Bashar al-Assad a thabhairt chun an dlí.

Bhí cnuasach iontach carranna curtha i dtoll a chéile ag Assad, Delorean as Béal Feirste ina measc.

Féach freisin    

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-12-09). "Náisiúin Aontaithe lena bhfuil i ndán don tSiria a phlé" (as ga-IE). 
  2. "Tugtar Bashar al-Assad agus aon duine a rinne ainghníomh sa tSiria chun an dlí – na Náisiúin Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-09). Dáta rochtana: 2024-12-09.
  3. Eoin Ó Murchú (14 Deireadh Fómhair 2024). "Cinedhíothú is ea cinedhíothú – seasaimis gan leithscéal le muintir na Palaistíne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-09.
  4. "The Arab League clears the Assad regime" (en). Le Monde.fr (2023-05-09). Dáta rochtana: 2023-08-20.
  5. Comhghuaillíocht ba ea na ceannaircigh a raibh an grúpa Ioslamach Hayat Tahrir al-Sham ar a cheann.