Shaun Davey
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Eanáir 1948 76 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Rockport |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cumadóir, cumadóir scóir scannáin |
Tréimhse oibre | 1977 – |
Seánra | Ceol Ceilteach |
Teangacha | An Afrahaílis agus Béarla |
Suíomh gréasáin | shaundaveymusic.com |
|
Cumadóir is ea Shaun Davey (a rugadh ar 18 Eanáir 1948). Tógann sé a théamaí ó stair agus ó chultúr na hÉireann. Meascann sé ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach in a chuid saothar.[1][2]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Shaun Davey i mBéal Feirste sa bhliain 1948.
Tá Davey pósta le Rita Connolly, amhránaí aitheanta.[3]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]The Brendan Voyage, nó 'Iomramh Bhréanainn'
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chum Davey The Brendan Voyage, turas farraige, sa bhliain 1980. Is saothar ceolfhoirne agus píobaire é seo, an chéad uair ar scríobhadh sraith iomlán 40 nóiméad do phíb agus ceolfhoireann..[4][5] Sheinn Liam Ó Floinn an phíb in 1980. Seasann an phíb don churach faoi lán seoil go Talamh an Éisc. Tá 10 ngluaiseacht (aonad) sa saothar a léiríonn an t-aistear mara.[1]
Granuaile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chum sé Granuaile sa bhliain 1985. Léiríonn sé saol Ghráinne Ní Mháille, banríon na mara i gConnacht. Is saothar don phíb uilleann, giotár, cruit Ghaelach, guth aonréadach agus ceolfhoireann é seo.[1]
Nora Barnacle
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2015, chum Davey na hamhráin do ' Nora Barnacle' i dteannta le Nuala Ní Dhomhnaill, file, agus Rita Connolly, fonnadóir, chun saol suaithinseach Barnacle agus Joyce a insint.[6]
The Relief of Derry Symphony
Léiríodh “The Relief of Derry Symphony” le Shaun Davey ar ardán den chéad uair i 1990 i nDoire Cholmcille le linn chomóradh 300 bliain Léigear Dhoire.[7][8]
Saothair eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Davey suim thar na bearta i gcultúr na Gaeltachta. Chum sé ceol álainn don gcnuasach dánta le Caoimhín Ó Cinnéide, ar a raibh an seod ‘Bláthanna Bealtaine’.
I measc na saothar eile a chum sé, tá The Pilgrim agus ceol don amharclann.
Chum sé an téama na sraithe BBC Ballykissangel.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 COGG. "FONN CEOIL". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Shaun Davey – Silverstream Music". www.silverstreammusic.ie. Dáta rochtana: 2022-12-20.
- ↑ Sinéad Ní Uallacháin (2ú Samhain 2018). "Ceardlann scríbhneoireachta i mBéal Feirste agus cúig imeacht eile" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-12-21.
- ↑ Peter Browne (28 Márta 2022). "LÁITHREACH BONN: Bímis ag séideadh! Tá éagsúlacht na hEorpa beo sa phíobaireacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-21.
- ↑ TG4 Player (2007). "Extracts from The Brendan Voyage" (ga-IE). TG4. Dáta rochtana: 2022-12-21.
- ↑ Kevin Hickey (16 Meitheamh 2015). "Premiere domhanda de ‘Nora Barnacle’ á léiriú anocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-21.
- ↑ "Saothar mór ceoil Shaun Davey le plé ar Raidió Uladh" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-21.
- ↑ "BBC Radio Ulster - Blas, Siansa i nDoire" (ga). BBC. Dáta rochtana: 2022-12-21.