Jump to content

Scréachóg reilige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoScréachóg reilige
Tyto alba Cuir in eagar ar Wikidata

Tyto alba alba Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deTyto alba feces (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ionchas saoil4 bliain
Mais580 g Cuir in eagar ar Wikidata
Réise sciathán1.13 m Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál5.3 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22688504 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdStrigiformes
FineTytonidae
GéineasTyto
SpeiceasTyto alba Cuir in eagar ar Wikidata
Scopoli, 1769
Cineál tacsanomaíochTyto Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin
lang= Cuir in eagar ar Wikidata
Tyto alba guttata

Is ulchabhán neamhchoitianta í an scréachóg reilige[1] (Gaeilge na hAlban: an chomhachag-bhàn; Tyto alba) agus is ball d'ord na Strigiformes í. Cé gur ulchabhán neamhchoitianta í an scréachóg reiligein Éirinn, is í an speiceas ulchabhán is mó a dháiltear ar fud an domhan í, agus tá an scréachóg ar cheann de na speicis éan is forleithne. Ar cheann de dhá ghinealach na n-ulchabhán beo is ea í, an ceann eile is ea na hulchabháin tipiciúla (Strigidae). Faightear na hulchabháin beagnach i ngach áit ar domhan, ach amháin na réigiúin pholacha agus fhásacha, an Áise ó thuaidh ó na Himiléithe, an chuid is mó den Indinéis, agus roinnt oileáin san Aigéan Ciúin.

Taispeánann fianaise fhíliginiteach go bhfuil ar a laghad trí ghinealach mór de scréachóg reilige ann, ceann san Eoraip, iarthar na hÁise agus an Afraic, ceann in oirdheisceart na hÁise agus san Astraláise, agus ceann eile i Mheiriceá, agus roinnt tacsón eile atá an-éagsúil ar oileáin. Dá réir sin, roinn roinnt údarás an grúpa ina scréachóg reilige iartharach don ghrúpa san Eoraip, iarthar na hÁise agus an Afraic, an sa scréachóg reilige oirthearach don ghrúpa in oirdheisceart na hÁise agus san Astraláise, agus an scréachóg reilige Meiriceánach don ghrúpa i gCríocha Mheiriceá. Roinneann roinnt údarás tacsanomaíoch an grúpa a thuilleadh, ag aithint suas le cúig speiceas, agus is gá tuilleadh taighde a dhéanamh chun an seasamh a shoiléiriú. Tá éagsúlacht mhór idir méideanna agus dath thart ar 28 fospeiceas, ach tá an chuid is mó díobh idir 33 agus[convert: unknown unit] ar fhad, le rainsí sciatháin ag dul ó 80 go[convert: unknown unit]. Tá an chluimhreach ar a ceann agus ar a chúl breacdhonn nó liath, tá na híochtair éagsúil ó bhán go donn agus uaireanta tá siad breac le baill dhorcha. Tá cruth croí ar an aghaidh go tipiciúil agus tá sé bán i bhformhór na bhfospeiceas. Ní ligeann an t-ulchabhán seo scréach, ach ligeann sé scread dhiamhair an-mhalltriallach amach

Tá an t-ulchabhán ina éan oíche thar an gcuid is mó dá raon, ach sa Bhreatain Mhór agus i roinnt oileáin san Aigéan Ciúin, bíonn an scréachóg ag seilg in aghaidh an lae freisin. Tá siad dulta in oiriúint ar ainmhithe a fhiach ar an talamh agus is éard atá sa bhia go léir ná mamaigh bheaga a aimsíonn siad le fuaim, lena n-éisteacht an-ghéar. Is gnách go bhfanann na hulchabháin ina bpéirí lena saol mura maraítear ceann den phéire, ach má chailleann éan a leathéan is féidir leathcheann nua a fhoirmiú.

Blaosc scréachóg reilige
  1. “Tyto alba” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-15.