Hipitéis Gaia
Is é James Lovelock a chum an téis sna 1970idí gur orgánach comhdhéanta atá sa domhan ina maireann muid.[1] "Gaia" a bhaist sé ar an hipitéis seo, ina samhlaítear an Domhan iomlán ina orgánach a mhionathraíonn a chomhshaol féin chun coimeád ina staid bharrmhaith. Is é Gaia an fororgánach seo de réir an choincheap.
Forbairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an t-eolaí Sasanach James Lovelock síos ar GAIA den chéad uair ina leabhar GAIA: A New Look at Life on Earth (GAIA: Léargas Nua ar an mBeatha ar Domhan, 1979). Bhunaigh Lovelock an coincheap ar gheolaíocht, geoicheimic, bitheolaíocht éabhlóideach, is aeráideolaíocht, agus phléigh sé na bealaí rialaithe siarchothaithe ina n-idiroibríonn na páirteanna éagsúla den Domhan óna chroíleacán amach go barr an atmaisféir.
Tagann éiceolaíocht go mór san áireamh freisin. Mar sin féin, ní ghlactar leis an gcoincheap i measc eolaithe, ach i méid bheag, de bhrí go réamhinsíonn an hipitéis seo go sroichfidh an Domhan staid bharrmhaith, is cuma pé drochiarmhairt a imrítear air, rud nach bhfuil inghlactha ó thaobh eolaíochta ná staire de.
Spásárthach 'Gaia'
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheol eolaithe an ceamara digiteach is mó riamh isteach sa chianspás sa bhliain 2013 ar an spásárthach 'Gaia'.[3][4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tadhg Mac Dhonnagáin (2009-04-23). "Garraí Johnny Mhorgan: Dea-scéala don Ghaeilge, fíordhrochscéala don chine daonna?". Garraí Johnny Mhorgan. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ ucd.ie (2009). "TUARASCÁIL AN UACHTARÁIN,MEÁN FÓMHAIR 2008 – LÚNASA 2009". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "GAIA". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 299.
- ↑ COGG (Imleabhar 12, Eagrán 4 7 Deireadh Fómhair 2015). "Eureka". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-07-28. Dáta rochtana: 2022.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |