An Páirtí Náisiúnta
Mana | Ar dheis ar aghaidh | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | pobalachas ar an eite dheas coimeádachas sóisialta Éire Aontaithe frith-imirce economic nationalism (en) Náisiúnachas in Éirinn Eoraisceipteach gluaiseacht frith-ghinmhillte | ||||
Ailíniú polaitíochta | an eite fhíordheis | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 16 Samhain 2016 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Justin Barrett | ||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | https://nationalparty.ie | ||||
Is páirtí Éireannach ar dheis ar fad é An Páirtí Náisiúnta. Bunaíodh an Páirtí Náisiúnta i mí na Samhna, 2016. Is é Seamus Mac Raghnaill an t-uachtarán.[1][2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an Páirtí Náisiúnta i mí na Samhna, 2016. Bhí seoladh eagraithe sa Merrion Hotel, ach chealaigh an t-óstán é.[3] Is as Contae Thiobraid Árann é Justin Barrett. Sna 1990idí, ghlac sé páirt in imeachtaí san Iodáil agus sa Ghearmáin, a bhíothas eagraithe le grúpaí ar nós Forza Nuova agus an Páirtí Daonlathach Náisiúnta.[4]
Is as an Longfort é Seamus Mac Raghnaill. Bhí sé ceangailte le Libertas agus an feachtas in aghaidh an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht i 2012.
Reáchtáil an páirtí a chéad Ard Fheis i mí na Samhna, 2017, sa Trump International Hotel, i nDún Beag i gContae an Chláir. Bhí timpeall le caoga i láthair. Bhí achrann ann nuair a mhaslaigh Seamus Mac Raghnaill daoine aeracha. Chosain Barrett an ráiteas, agus shiúil an aoi-spéicéir John Wilson amach agus fiúnach air.[5]
Idé-eolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur pháirtí i bhfad amach ar an eite dheis é an Páirtí Náisiúnta.[6] Achoimríonn an páirtí a n-idé-eolaíocht ar a suíomh gréasáinː[7]
"Creidimid i muintir na hÉireann, an ceart maireachtála atá againn mar náisiún, ár gceart seilbh a rugadh ar ár dtír dhúchais, agus an ceart atá againn í a chosaint. Is í Éire aontaithe Éireannach saor í mar aidhm againn."
An feachtas "Abortion Never"
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí feachtas ar bun ag an Páirtí in aghaidh an ghinmhillte sna laethanta roimh an Reifreann ar an 8ú leasú ar an mBunreacht. Mhol Barrett, "Ba cheart pionós an bháis a chur ar aon dochtúir a dhéanann ginmhilleadh ar leanbh neamhbheirthe".
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Baile - The National Party" (en-US). The National Party. Dáta rochtana: 2018-11-16.
- ↑ "Far-right National Party’s new leader James Reynolds says rural voters to be targeted in local elections" (en). www.independent.ie (2023-08-27). Dáta rochtana: 2023-09-18.
- ↑ "Merrion Hotel cancels launch of anti-immigration political party" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-11-25.
- ↑ "Barrett admits he attended far-right meeting" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-11-25.
- ↑ Justine McCarthy (2017-11-26). "National Party walkout over Varadkar gay slur" (en). The Sunday Times. Dáta rochtana: 2018-11-25.
- ↑ "Far-right party's launch is cancelled - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2018-11-26.
- ↑ /nationalparty.ie (2018). "As Gaeilge" (ga). The National Party. Dáta rochtana: 2022-02-27.