Jump to content

An Aetóip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Aetóip
የኢትዮጵያ ፌዴራላዊ ዲሞክራሲያዊ ሪፐብሊክ (am)
Federaalawaa Dimokraatawaa Repabliikii Itoophiyaa (om)
ናይኢትዮጵያ ፌዴራላዊ ዴሞክራሲያዊ ሪፐብሊክ (ti) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnWhedefit Gesgeshi Woude Henate Ethiopia Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Land of origins»
«Gwlad y tarddu» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 9° N, 40° E / 9°N,40°E / 9; 40

PríomhchathairAdas Ababa Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán104,957,438 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús95.04 hab./km²
DéamainmAetópach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Amairis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Afraic Thoir Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,104,300 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeRas Dashen (en) Aistrigh (4,533 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleDanakil Depression (en) Aistrigh (−125 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 12 Meán Fómhair 1974:  (Derg)
28 Bealtaine 1991:  (Transitional Government of Ethiopia (en) Aistrigh)
21 Lúnasa 1995:  (Bunreacht na hAetóipe 1995)
ÉarlamhNaomh Seoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht chónaidhme Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na hAetóipe Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachFederal Parliamentary Assembly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na hAetóipe Cuir in eagar ar WikidataTaye Atske Selassie (en) Aistrigh (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na hAetóipe Cuir in eagar ar WikidataAbiy Ahmed (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil111,261,882,913 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrabirr Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.et Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+251 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála911, 907, 939 agus 991 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreET Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír san Afraic í Poblacht Dhaonlathach Fheidearálach na hAetóipe, nó an Aetóip de ghnáth. Tá an Aetóip in oirthuaisceart na hAfraice, sa limistéar ar a dtugtar Corn na hAfraice[1]. Ba é Abyssinia an t-ainm a bhí uirthi níos luaithe.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Aetóip an dara tír is mó daonra san Afraic, agus í ar an náisiún neamhspleách is sine chomh maith.

Tá an tír, ina bhfuil daonra os cionn 80 milliún duine, timpeall 15 uair méid na hÉireann, agus tá timpeall 85% dá dhaonra ina gcónaí i gceantair tuaithe.

Is í Adas Ababa (nó Addis Ababa as Béarla) príomhchathair na tíre.

Tá teorainneacha aici leis an Eiritré, Djibouti, an tSomáil, an Chéinia agus an tSúdáin.

Tosaíonn an Níl Ghorm san Aetóip.

Is báisteach thaomach a bhíonn i gcuid mhaith den tír, rud a fhágann go mbíonn neamhshláine bia i gceist i gcónaí i gcuid mhaith den tír.

Is í an Amáiris (አማርኛ āmariññā) an teanga is tábhachtaí san Aetóip agus an t-aon teanga amháin a bhfuil stádas oifigiúil aici ar fud na tíre.

Tháinig an phrótatheanga ar an bhfód in Oirthuaisceart na hAfraice b'fhéidir. Tá scoláirí áirithe, cosúil le hIgor Diakonov agus Lionel Bender, den tuairim sin: san Aetóip, tá réimse leathan teangacha fós ann inniu, agus iad á labhairt go tiubh in aice le chéile.

Féile Meskel, 2017

Bhunaigh an tImpire Menelik IIan Adas Ababa sa bhliain 1886.

Ar 7-10 Eanáir, 1936, fuair arm na hIodáile an ceann is fearr ar na hAetópaigh i gcath Ganale Doria i ndeisceart na hAetóipe. Ar feadh 10-15 Feabhra, bhí frithionsaí ó na hAetópaigh ar arm na hIodáile i gCath Amba Aradam, ach bhí an bua i gcónaí ag na hIodálaigh. Ar 5 Bealtaine, ghabh arm na hIodáile an phríomhchathair, Adas Ababa.

I ndeireadh na dála, ní raibh aon tairbhe le hiarrachtaí na hIodáile impireacht a bhunú. Ba thréimhse fhuilteach agus náireach í i stair na hIodáile.

In ainneoin go raibh fadhbanna suntasacha acu sna 1980idí, tá an Aetóip tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le laghdú na bochtaineachta agus brostú fáis agus forbartha geilleagraí[2]

An Amáiris: An t-amhrán náisiúnta ó 1922
  • Reidy, Frank - Seal san Aetóip[3]: Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]