Aimiréal
Cuma
Cineál fostaíochta | naval rating (en) |
---|
Is ceann de na céimeanna is airde sa chabhlach i dtíortha áirithe é aimiréal. Sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha an Chomhlathais Bhriotanaigh, is ionann "lán-aimiréal" agus "lánghinearál" san arm nó san aerfhórsa, agus is céim níos airde ná leasaimiréal é, agus níos ísle ná Aimiréil an Chabhlaigh.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is dócha go dtagann an focal aimiréal ón Fhraincis amiral, ón Laidin mheánaoiseach admiralis, admirallus. Tháinig na focail Laidne seo ón Araibis amīral (أمير الـ) – amīr (أمير), “rí, prionsa, ceannaire, uasal, tiarna, gobharnóir”, agus al (الـ), an t-alt Araibise (“an” i nGaeilge). In Araibis, tugtar Amīr al-Baḥr (أمير البحر) ar aimiréal freisin; anseo, ciallaíonn al-Baḥr (البحر) “an fharraige”.[1][2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |