Taighde
Is éard atá le gceist le taighde (nó Taighde is Forbairt, T&F, nó R&D i mBéarla) ná próiseas ina mbaintear feidhm as saothar, ábhair is caipiteal chun cur ar chumas comhlachta earra áirithe a tháirgeadh san am atá le teacht[1].
Go minic tugtar cuntas ar taighde mar oibriú fiosrúcháin gníomhach, dícheallach agus rianúil a bhfuil sé de chuspóir aige fionnachtain, míniú agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhírinní.
Táirgeann an fioschuardach intleachtúil seo eolas níos cruinne i dtaobh cúrsaí, iompaireacha, teoiricí agus dlíthe. Mar sin, déanann sé feidhmeanna úsáideach le bheith indéanta.
Úsáidtear an téarma taighde fosta le haghaidh cuntas a thabhairt ar choiste fhaisnéise i dtaobh ábhar sonrach agus de ghnáth, tá baint tréan aige le toradh na heolaíochta agus an mhodh eolaíochta.
Fás eacnamaíoch
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-tábhacht ag dul leis an taighde chun fás eacnamaíoch a chothú.
Maidir le hearraí is teicníochtaí nua, bíonn gá le tástáil fhairsing chun a n-éifeachtúlacht, a mbuaine is a sábháilteacht a dhéanamh amach is a chruthú. Déantar taighde is forbairt chuí i ngach earnáil, ach leagtar béim ar leith ar an bpróiseas sna tionscail ardteicneolaíochta, leictreonaice, teicneolaíocht faisnéise, soláthar fuinnimh, bithinnealtóireachta, soláthar bia, cógaseolaíochta, is eitleoireachta. Ní mór tuilleadh taighde a dhéanamh i gcónaí chun fás eacnamaíoch a chothú.
Maoiniú taighde agus airgeadas
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ngach ceann de na príomhthíortha tionsclaíochta íoctar go trom ar R&D. Íocann na comhlachtaí, ach íocann na rialtais freisin, go minic de bharr na n-impleachtaí cosanta. Gníomh a dhéanamh den taighde an cuspóir atá ann.
Taighde san Aontas Eorpach agus in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sochar bainte ag na mílte tionscadal Éireannach as na céadta milliún euro a fuarthas mar mhaoiniú ón gComhairle Eorpach um Thaighde[2]. Ar na tionscadail a fuair tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach tá ionaid cóireála uisce, oibreacha séarachais, línte iarnróid, seirbhísí bus agus an Luas, córas tramanna Bhaile Átha Cliath. Le himeacht na mblianta, chuir an tAontas tacaíocht airgeadais ar fáil do chuid mhór áiseanna turasóireachta in Éirinn, mar shampla an t-ionad léirithe ag Aillte an Mhothair agus an athfhorbairt a rinneadh ar Pháirc Foraoise agus Áineasa Loch Cé.
De thairbhe go bhfuil Éire páirteach sa Limistéar Eorpach Taighde (ERA), is féidir léi a cion a dhéanamh don taighde is don fhorbairt dhomhanda.
Is féidir le heagraíochtaí Éireannacha €1 billiún ar a laghad a fháil faoin gclár Fís 2020[3], clár an Aontais Eorpaigh um thaighde, nuálaíocht agus eolaíochta atá ann faoi láthair agus a bhfuil buiséad aige beagnach €80 billiún. Tá maoiniú beagnach €180 milliún faighte ag iarratasóirí as Éirinn do thaighde agus do thionscadail nuálaíochta tríd an gClár Fís 2020 go dtí 2016.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ https://ec.europa.eu/ireland/about-us/impact-of-EU-membership-on-Ireland_ga
- ↑ https://www.horizon2020.ie/
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |