Jump to content

An Coimisiún Eorpach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ní thacaítear leis an leagan inphriontáilte a thuilleadh agus seans go bhfuil earráidí rindreála ann. Nuashonraigh leabharmharcanna i do bhrabhsálaí agus bain úsáid as an bhfeidhm phriontála sa bhrabhsálaí ina ionad seo.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Coimisiún Eorpach
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrEC, CE agus EK Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálinstitiúid de chuid an Aontais Eorpaigh
executive branch (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1 Eanáir 1958

25 Márta 1957Conradh na Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deComhairle Stáit Mhuir Bhailt
Barents Euro-Arctic Council (en) Aistrigh
Global Ecolabelling Network (en) Aistrigh
Group on Earth Observations (en) Aistrigh
An Chomhghuaillíocht um Chur Chun Cinn an Mheasúnaithe Taighde Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtUrsula von der Leyen (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
ArdrúnaíIlze Juhansone (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Cuir in eagar ar WikidataUrsula von der Leyen Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe32,399 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Máthaireagraíochtan tAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarásCollege of Commissioners of the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinhttps://commission.europa.eu/
Facebook: EuropeanCommission Twitter: EU_Commission Mastodon: EUCommission@ec.social-network.europa.eu Instagram: europeancommission Telegram: europeancommission LinkedIn: european-commission Youtube: UCMPaviJxybo1RTdzvYcU91A Youtube: EuropeanCommission Cuir in eagar ar Wikidata
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Berlaymont building (en) Aistrigh
Íomhá
Ainmnithe in ómósCouvent des Dames de Berlaymont (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálFoirgneamh rialtais agus foirgneamh ardstórach Cuir in eagar ar Wikidata
AiltireLucien De Vestel
Jean Gilson
André and Jean Polak (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1969 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1967 Cuir in eagar ar Wikidata
Úsáidáras oifigiúil
Croineolaíocht
1963 – 1969foirgníocht
1991 – 2004athchóiriú
Tréith
Achar dromchla240,500 m²
Stórtha os cionn talún14 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
SuíomhRue de la Loi - Wetstraat (en) Aistrigh, 200
Map
 50° 50′ 37″ N, 4° 22′ 58″ E / 50.843611111111°N,4.3827777777778°E / 50.843611111111; 4.3827777777778
ID GeoNames6948606

I dteannta le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus le Parlaimint na hEorpa, is ceann de na hinstitiúidí is tábhachtaí den Aontas Eorpach é an Coimisiún Eorpach. Tá ball as gach ballstát den Aontas ar an gCoimisiún, rud a chiallaíonn go bhfuil 27 coimisinéirí páirteach ann.

An Coimisiún Eorpach
Seomra cruinnithe, ardán 13, Berlaymont

Feidhmeanna

Is é príomhchúram an Choimisiúin Eorpaigh polasaithe a mholadh agus a chur i bhfeidhm. ‘Caomhnóir na gConarthaí’ atá sa Choimisiún, cinntíonn sé go gcuirtear i bhfeidhm iad agus is leisean an ceart tionscnaimh chun dlíthe nua a mholadh a bhaineann le hábhair a bhfuil an tAontas amháin freagrach astu – aontas custam an Aontais, caomhnú acmhainní nádúrtha na mara, an Margadh Eorpach Aonair agus an t-airgeadra aonair, ina measc.

I bprionsabal, tá ról lárnach ag an gCoimisiún mar chosantóir leas comhchoiteann an Aontais Eorpaigh agus is de bharr an róil sin atá an ceart tionscnaimh aige. I gcomhthéacs na gcóras polaitiúil, tá gné ar leith ag an gCoimisiún ós rud go bhfuil sé freagrach as leas comhchoiteann an Aontais cé nach dtagann a chumhacht ó Pharlaimint na hEorpa, parlaimint a thoghann lucht vótála an Aontais féin.

Tá ról tábhachtach ag brúghrúpaí i bpróiseas cinnteoireachta an Choimisiúin Eorpaigh, brúghrúpaí a oibríonn ar son leas an phobail agus brúghrúpaí a oibríonn ar son leas na ngnóthaí.

Maireann téarma an Choimisiúin cúig bliana.

Caidreamh

Rialtais

Cé go bhfuil cosúlachtaí ann idir ról an Choimisiúin agus ról rialtais na mballstát, tá difríochtaí ann leis. I bprionsabal, oibríonn na coimisinéirí ar son an Aontais agus tá siad neamhspleách ar a dtír féin. I ndáiríre, áfach, polaiteoirí atá sna coimisinéirí de ghnáth, polaiteoirí a bhfuil saol fada caite acu ag obair i rialtas a dtíre féin.

Chomh maith leis sin, braitheann an Choimisiún ar rialtais na mballstát le buiséad a fháil.

Parlaimint

Tá an Coimisiún freagrach do Pharlaimint na hEorpa agus tá an Pharlaimint i gcumas an Coimisiún a cháineadh. Ach níl an Pharlaimint i gcumas an Coimisiún a cháineadh ach amháin maidir lena riarachán agus, chun an próiseas cáinte a chur i bhfeidhm, teastaíonn vóta ó dhá thrian d’fheisirí na Parlaiminte.

An Chomhairle

Roinntear na cumhachtaí, cumhachtaí reachtacha agus cumhachtaí feidhmiúcháin araon, idir an Coimisiún agus an Chomhairle.

Riarachán

Tá an Coimisiún lonnaithe sa Bhruiséil, i bhfoirgneamh Berlaymont atá suite ag cearnóg boulevard Charlemagne agus rue de la Loi.

Tá foireann mhór státseirbhíseach ann a chabhraíonn le hobair na gCoimisinéirí, is í an fhoireann sin an fhoireann is mó san Aontas – sa bhliain 2007, bhí beagnach 27,000 duine ag obair inti.

Ó bunaíodh an Coimisiún sa bhliain 1958, bíonn sealanna ina mbíonn sé níos gníomhaí agus sealanna eile ina mbíonn sé níos ciúine. I ndáiríre, is é an rud is tábhachtaí a théann i gcion ar obair an Choimisiúin agus ar obair na gCoimisinéirí ná lánpháirtiú na hEorpa.

Stair

Bunaíodh an Coimisiún Eorpach le Conradh na Róimhe sa bhliain 1957 (féach airteagail 155 go 163).

Idir 2014-2019, bhí Jean-Claude Juncker, polaiteoir as Lucsamburg, ina uachtarán ar an gCoimisiún. Thosaigh sé sa phost ar an 1 Samhain 2014, tar éis don Pharlaimint Eorpach glacadh leis mar uachtarán ar an 15 Iúil 2014.

Ceapadh Urusula Von der Leyen in 2019 ina uachtarán ar an gCoimisiún. Ar an 27 Samhain 2024, vótáil móramh de na feisirí i bParlaimint na hEorpa ar son an dara téarma mar Uachtarán ar an gCoimisiún a thabhairt do Ursula von der Leyen.[1]

Féach freisin

Tagairtí

  1. Nuacht RTÉ (2024-11-27). "An dara téarma faighte ag von der Leyen" (as ga-IE).