Cíoras Mór
Cuma
Teimpléad:Bosca Sonraí Monairc B'é Cíoras Mór (Sean-Pheirsis: Kūruš, Peirsis: بزرگ کوروش, Kūrosh-e-Bozorg; c. 600 RC nó 576 RC - 5 Nollaig 530 BC), ar a dtugtar freisin Cíoras II nó Cíoras na Persia, an chéad impire Peirseach Sóróstarach. Bhunaigh sé Impireacht na Peirse faoin ríshliocht Achaemenach.
Faoin a riail féin, chuimsigh an impireacht gach stát sibhialta a bhí ann roimhe sa Neasoirthear Ársa, agus leathnaigh sé an impireacht amach go suntasach agus, ar deireadh thiar, chloígh sé an chuid is mó den Áise Thiar Theas, maille le cuid mhaith de Lár na hÁise, ón Éigipt agus an Heilléaspontas san iarthar go dtí an Abhainn hIondúise san oirthear. Sa deireadh, bhí an impireacht ba mhó riamh go dtí sin ar an domhan cruthaithe aige.