Jump to content

G8

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 19:03, 8 Iúil 2005 le Daithimac (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)

Is tagairt don Grúpa 8 an G8 - Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, An Ríocht Aontaithe, An Iodáil, An Fhrainc, An Ghearmáin, an tSeapáin agus An Rúis. An G7 a bhí ann roimh iontráil na Rúise i Meitheamh 2002. Is iad na 8 tíortha is cumhachtaí ó thaobh na tionscalaíochta de ar domhan an G8. Tá tionchar láidir acu ar pholasaí airgeadais an domhain uile. Tagann siad le chéile ag cruinnithe gach bliain. Eisíonn siad dréachtaí is polasaithe ag deireadh gach cruinniú chun geilleagar an domhain a stiúradh.

Tháinig an G6 - an G7 seachas Ceanada - don chéad chruinniú i Rambouillet na Fraince i Samhain 1975. Bhain Ceanada páirt sa G7 i 1976 i bPuerto Rico.

Tá an cruinniú i 2005 i Gleneagles san Albain i mí Iúil. Beidh an chéad cheann eile sa Rúis don chéad uair riamh.